School: An tSraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An tSraith
- XML Page 564
- XML “Scéal faoi Fhear as an Mungs”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá amháin bhí fear agus a mhac amuigh ar an bhfairrge ag íasgaireacht. Chonnaic siad trí tonnaí móra ag teacht chucha. Dubhairt an t-athair leis an mac an sgian cos-dubh a chaitheamh ins an triíomhadh tonna agus muna gcuirfeadh sé an sgian ins an triíomhadh tonna go báthfaoi iad.
Thug sé an sgian amach agus caith sé ins an triíomhadh tonna é agus tháinig siad abhaile slán. Domhnach amháin bhí siad ag imirt peile agus tháinig fear breágh láidir isteach ón bfairrge. Tháinig sé suas go dtí an bhfear a chaith an sgian ins an tonna an lá a bhíodar ag íasgaireacht.
Dubhairt sé leis a chóta a chur air agus dul amach leis. Tháinig faithchios ar an bhfear acht dubhairt an fear a tháinig isteach ó'n bfairrge gan aon faitchios a bheith air, go gcuirfeadh ins an áit céanna arís é.
Chuaidh na fir amach agus bhí gach duine ag feacaint ar na fearaibh ag siubhal amach
.(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Mhóráin
- Gender
- Female
- Address
- An tSraith, Co. Mayo
- Informant
- Padhraigh Ó Maolalaigh
- Gender
- Male
- Address
- An tSraith, Co. Mayo