School: Meenacahan (roll number 6063)
- Location:
- Meenacahan, Co. Donegal
- Teacher: Brigid, Bean Uí Eachthighearn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Meenacahan
- XML Page 274
- XML “An Rí agus A Thriúr Mac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí rí ann uair amháin a rabh triúr mac aige, agus bhí da fheirm talamh aige. Lá amháin chuaidh na mic amach ag obair. Dubhairt an mac a ba óige gur seo feirm s’ aigesean agus dubhairt an dara mac gur leisean an feirm eile, agus an mac a ba sine Seán a bhí air agus ní rabh feirm arbith aige. Phill sé chun na bhaile agus fuair a chuid saidhbreas o’n Rígh. D’imtigh sé arias ach ní theachaidh sé i bhfad gur casadh fear air agus é in a luighe ar an talamh. “C’ainm a tá ort” arsa Seán “Cluas Ghéar”. An deanfa fastód arsan fear. Dheanfhainn arsan “Cluas Ghéar”. Caidé an méid a beitha ag iarriadh cun lá agus bliadhain. “Cuig Phunta” “Cluas Ghear”. D’imtigh siad leobhta agus ní teacaidh siad i bhfad gur casadh fear ortha a’s é ag sgaoileadh leis na realtógaí. “C’ainm a tá ortsa” arsa Seán. “Súil díreach an gunna”. “An dearfá fastód” “Deanfaidh” arsa seisean. “Caidé an mead a béitha ag iarraidh”. “Cuig phunta” arsa seisean. D’imtigh siad leobhta go dtainig siad fad le fear agus ceann da cuid cosa ar a gualann agus an ceann eile ar an talamh agus é ag coinnealt gearrfiadh istoigh i bpairc. “C’ainm a tá ortsa” arsa Seán “Cos Luath” arsan fear. “An ndeanfá fastod” arsa Seán “Deanfaidh” arsan cos luath. “Caidé an méid a beitha ag iarriadh chun lá agus bliadhain”. “Cuig phunta” arsa seisean. D’imtigh siad leobhta ach ní theacaidh siad i bhfad go dtáinig siad fhad le fear a bhí ag gearradh(continues on next page)