School: Meenacahan (roll number 6063)

Location:
Meenacahan, Co. Donegal
Teacher:
Brigid, Bean Uí Eachthighearn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1037, Page 328

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1037, Page 328

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Meenacahan
  2. XML Page 328
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí Tighearna talaimh ann fado shoin agus fuair sé bás agus indiaidh a bháis bhí sé lé feiceáil....

    Bhí Tighearna talaimh ann fado shoin agus fuair sé bás agus indiaid a bháis bhí sé lé feiceáil gach oidhche ag an meadhon-oidhche. Ní rabh bunadh an toighe ag faghail suaimhnis ar bith. Bhí feirm talaimh eile acu agus ní rabh dhath le deanamh acu ach dul go dtí an feirm seo. Tigid an mac gac oidhche leis na ba do fhodrail. An oidhche seo bhí an mac ag fodrail agus tháinig fear thart ag éirighe loistín. “Geobhaidh tú sin agus fáilte ach ac’ an duine a teigheas isteach ins an teach seo bíonn sé marbh ar maidín”. Ball rachaidh mise isteach”. Ar maidín lá thár na bhárach tháinig an mac le féar do thabhairt do na ba agus dubhairt an fear leis go dtáinig an taidhbhse agus nuair a bhí spéartaí an lae ag teacht d’imtig sé. Dubhairt an fear go gcuirfead sé céist air caidhe a bhí ag cur trioblóid air. “Bhall inseochaid mé seo duit” “Bhí mise in mo Thighearna Thalaimh aon uair amháin. Chuir mé daoine amach as a gcuid talaimh agus ní bfuighim suaimhneas ar bith go dtabharfaid mé rud iongantacht daobhta. Arsan taidhbhse tá trí póta airgid faoi’n talamh agus abair le mo mhac ceann amháin acu a thabhairt do na daoine agus ceann eile a coinneal do fhéin agus an ceann eile a tabhairt duit. Rinne an mac mar a h-iarrad air agus ní rabh an taidhbhse le feiceáil o’n lá sin amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Mac Guibhir
    Gender
    Male
    Address
    Tamur, Co. Donegal