School: Meenacahan (roll number 6063)
- Location:
- Meenacahan, Co. Donegal
- Teacher: Brigid, Bean Uí Eachthighearn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Meenacahan
- XML Page 293
- XML “Paidreacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ó a Thiarna go dtugaidh tú dúinne a bheith grádhamhail cineamhail ar a' chroidhe a sgéard fuil is uisge ar a son.
Bhí ár dtighearna maoluighthe claoidthe agus d'iarr sé deoch as méadú a phianaí uch gurbh ' é a chonfort domblas agúin.[?]
Chrom sé a cheann agus fuair sé bás le grádh ar shíol Eadhbha.
Bhí máthair Dé ag bun na croiche nuair a sgoilt an clog a chroidhe agus a thaobh agus chrom sé a cheann agus phóg sí é agus cheap sí fuil a h-aon mhic ar a bois agus thuit sí i laige. A mhná nach náireach dúinne nac dtuigmuid na saighde doláis ata ag dul frid chroidhe Mhuire ag amharc ar a h-aon mhac spíontuighthe céasta ag dul 'un báis ar son ar bpeacaidh.
Bhí dís de Íosgobal Dé agus thóg siad colann Chríosta anuas ón chroich. In ucht a mhárthara d'fhág siad síos é. Chrom sé a ceann agus phóg sí é agus lean sí é go bruach na h-uaighe.
Bhí a h-intinn buaidheartha nuair a sgar sí le n-a h-aon mac ghréagamhail. Bhí a croidhe istoigh loitte.
Ó a Mháthair Dé fá dúinne go tapaidh(continues on next page)