School: Meenacahan (roll number 6063)

Location:
Meenacahan, Co. Donegal
Teacher:
Brigid, Bean Uí Eachthighearn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1037, Page 288

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1037, Page 288

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Meenacahan
  2. XML Page 288
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí bean ann aon uair amhain agus ní rabh aici ach mac amhain agus bhí a fear marbh.

    Bhí bean ann uair amháin agus ní rabh aice ach mac amháin agus bhí a fear i marbh. Dubhairt sí le’n a mhac oidhche amháin rud ar bith a dhearfaidh sé go bhfuighidh sé é. Dubhairt an ghasír gur mhaith leis bheith in a ghadhaidhe. “Ceart go leor” arsa mháthair”. Ar maidín lá thar na bharal d’imtigh sé chuig gadhaidhe eile. “Da mbéidhfeá abalta seo a deanamh damh beirfidh mé cuig púnta duith” arsan ghadaidhe. Tá duine na comharsanaigh ag dul go dtí an t-aonach le dha chaora agus ba mhaith liom da guidfeá uaidh iad. Deanfaidh mé mo dhiceall arsan gasúr. Ar maidín lá thar na bharach thug sé leis péira bróg agus d’fag sé ceann acu ag cros bhealach agus an ceann eile míle ó an aith ar fag sé an chead ceann nuair a tháinig an fear fhad leis an chead ceann. D’amarc sé uirtí agus ar shiubhal leis nach nuair a tháinig sé fhad leis an dara ba lear do go rabh sí cosamhail leis an chead ceann agus thionntuigh sé arais fa na coinne. Séan a bhí ar an ghasúr seo agus bhí sé in a luighe i gcúl an chlaidhe ar feadh an ama agus nuair a thionntuigh an fear fuair Séan an da caora agus fuair sé na chuigh púnta. Lá eile chonnaic Séan bar fea dhá caiple acu agus iad ag treabhadh. Dubhairt Séan leis an gadaidhe go bfuigidh sé na caiple do. Ceannuigh sé pionnta uisge bheatha agus chuaidh sé fhad leis na fearaibh, “Ó” arsa seisean tá sibh ag obair go cruaidh suidh síos
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish