School: Mullanmore (roll number 1734)

Location:
An Mullán Mór, Co. Donegal
Teacher:
Seosamh Ó Coilín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 222

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 222

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mullanmore
  2. XML Page 222
  3. XML “An Bhean Thinn”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ag an teine agus cupan tae agus plata aráin agus í ag ithe go láidir. Agus dubhairt sé "Má tá mo bhean tinn níor chaill sí a goile."
    Áine Ní Bheirne
    Druim na Saileach
    Na Gleanntaí
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear i nGleann Cholmcille uair amháin agus bhí sé ar aonach Charraige.
    Nuair a bhí sé ag teacht abhaile chonnaic sé bean ar an ród roimhe.
    Fuair sé suas leis an bhean.
    Bhí mála trim léithe. Dubhairt sí leis an fhear go mbeadh sí buidheach dó dá n-iomcharochadh sé an mála dithe. Thug sé an mála leis go dtí bun an chabhsa a bheirfeadh abhaile dó.
    Thug sé an mála díthe annsin agus thug sí dhá phíósa airgid dó.
    Chuir sé an dá phíosa in a phoca agus chuaidh sé abhaile, dhá phíosa leath-choróin a bhí ionnta.
    Chuaidh sé na tsiopa la thar na mhárach fá choinne earraidhe agus thug sé an t-airgead leis. Dhíol sé ar shon a chuid earraidhe agus chuaidh sé abhaile. Nuair a d'amharc sé in a phoca lá thar na mhárach bhí na cúig sgillinghe aige. Chuir sé amach aríst iad agus bhí siad in a phóca aríst. Is cuma comh minic agus chaith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Informant
    Anna Nic Dhiarmada
    Gender
    Female
    Age
    83
    Address
    Corr na nGriollach, Co. Donegal