School: Mullanmore (roll number 1734)
- Location:
- An Mullán Mór, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Coilín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mullanmore
- XML Page 248
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá amháin ins an am a rabhtar ag déanamh poitín tháinig saighdiúirí Ard a' Rátha anois leis an Abhainn Ruaidh go dtáinig siad go Duibhinn. Bhí triúr fear ar shiubhal go teach na stilleadh ag gabhail a biotailte. Bhí fear a dtugadh siad Seamus Mac Giolla Easbuig air. Bhí sé ag gabhail fághail leath-tonna féir domhaiste. Níor mhothuigh sé gur léim fear de na saighdiúirí isteach chuige ins an áit a rabh sé ag tómhas an fhéir. Cheangail sé rópa ar an mhéid féir a bhí tomhaiste aige agus chaith sé ar a dhruim é. D'imthigh sé abhaile. Bhí mála de bhraith milte aige sa teach. Thug sé amach é agus spreidh sé é ar mhullach an toighe agus chuir sé tighe anuas ar a mhullach.
Tháinig sé anuas as a dreimire, bheir ar chliabh agus chuaidh sé na phortaigh leis an chliabh. Nuair a fuair sé as amharc na saighdiúirí chaith sé de achan rud ach an léine ach na brístí. D'imthigh sé leis go teach stilleadh ins an(continues on next page)- Informant
- Bríghid Ní Gallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 56
- Address
- An tArd Donn, Co. Donegal