School: Mullanmore (roll number 1734)

Location:
An Mullán Mór, Co. Donegal
Teacher:
Seosamh Ó Coilín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 231

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 231

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mullanmore
  2. XML Page 231
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann am amháin a dtugadh siad Tomás Ó Domhnaill air. Bhí sé ag déanamh poitín. Am amháin bhí sé ag déanamh poitín in alt a bhí faoi an teach. Choinnigh sé da bharaille ag obair. Nuair a bhí an stamh ins na baraillí aige ní oibreochadh na baraille do. Chuir sé clocha dearga amach as an teine isteach ins na baraille. Ní rabh gar ann; ní oibreochadh siad do. Chuaidh sé abhaile agus d'fhág cró na stilleadh. Nuair a chuaidh sé na bhaile dubhairt sé le n-a bhean go rabh sé robailte no nach n-oibreochadh na baraille go brach dó. "Triall mé mo intinn leobhtha." Tabhair leat a pandaí beag sin atá ar an dreisiúr agus gabh suas agus caith cuid den bhraithleas fríd an ailt. Thug sé leis na pnadaí agus chuaidh sé go cró na stille. Chaith sé lann pandaí de ar gach eile casan frid an ailt. Nuair a tháinig sé arais indiaidh an pandaí deireannach a sgabadh bhí an dá bharaille ag oibreadh go maith. Thosuigh sé ag glanadh leis na mbaraille a iarraidh a coingheal síos an steamh. Bhí sé annsin go dtí coradh theacht an lae ann. Ní rabh fhios ag an bhean caidé tháinig air. Chuaidh sí go cró na stilleadh; d'amharc sí isteach agus bhí an fear chor a bheith marbh ag obair rith na h-oidhche. D'iarr sí air na baraillí a fhgailt agus a theacht amach. D'oibir na barraillí suas agus anuas arais. Ní tháinig deór amháin asta. D'imthigh siad leobhtha un toighe. D'ith siad a gcuid agus chuaidh siad luighe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0062: Peace among the Animals
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    An tArd Donn, Co. Donegal