School: Mullanmore (roll number 1734)
- Location:
- An Mullán Mór, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Coilín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mullanmore
- XML Page 245
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag cul an trucaill. Thoisigh sé é fhéin ag tarraing an trucaill i na dhiaidh. Nuair a casadh ar an gharda é dubhairt an garda "Caidé'n fath nach bhfuil solas agat." Stad an fear ag tarraing an trucail agus arsa seisean. "Fiafruigh sin do an tiomanaidh" agus thaisbean sé an t-asal ag cul an trucaill. Leag an garda ar shiubhail é.Seán Mac Monagaile, An Doirighin, Na Gleanntaí.
- Bhí fear ann in am amháin i na chomhnuidhe sa Chamlairgeann. Doiminic Mac Suibhne a bhí mar ainm air. Thuit sé amach le fear sa chomhsanacht. Bhuail sé é. Domhnall Ó Ceallaigh a bhí ar an fhear ar thuit sé amach leis. Fuair Domhnall barrantas air. Bhí sé ar a seachnadh annsin. Luigheadh sé san oidhche istoigh i sgioból Dhomhnaill agus bhéarfadh a inghean a chuid dó. Tháinig sé abhaile do na theach féin oidhche amháin. Chonaiceas é ag teacht agus rinneadh spigheadóireacht air. Chuaidh sé fhéin as a bheirt dhearbhrathar a luighe sa leabaidh amháin. Ní rabh saighdiúir sa tír an oidhche sin nur(continues on next page)
- Informant
- Bríghid Ní Gallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 56
- Address
- An tArd Donn, Co. Donegal