School: Mullanmore (roll number 1734)

Location:
An Mullán Mór, Co. Donegal
Teacher:
Seosamh Ó Coilín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 233

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 233

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mullanmore
  2. XML Page 233
  3. XML “Scéal an Choiligh Dhána”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí coileach ann aon uair amháin agus bhí sé ag siubhail thart le poll mhór uisge. Caidé a chonnaic sé shíos ins an pholl acht coileach eile. Chuir an coileach a bhí ar an bhruach cuma an drochmhúínte ar fhéin agus ar ndóighe chuir an coileach a bhí shíos an chuma chéadna air fhéin. Bhí sean-chearc ag ghábhail thart agus dubhairt sí leis fuireacht amach. Shín an coileach amach a cheann agus shín an ceann eile síos a cheann fosda. Chraith an coileach a bhí ar an bhruach a eiteogaí agus rinne an ceann a bhí shíos an rud céadna. Ins an deireadh léim an coileach a bhí ar an bhruach síos mar shíl sé gur coileach eile a bhí shíos ar fad le dhul a troid leis. Báitheadh an coileach bocht.
    Bríghid Ní Bhaoighill
    Mullan Mór,
    Na Gleanntaí.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Bríghid Ní Bhaoighill
    Gender
    Female
    Age
    54
    Address
    An Mullán Mór, Co. Donegal