School: Mullanmore (roll number 1734)
- Location:
- An Mullán Mór, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Coilín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mullanmore
- XML Page 236
- XML “Comharthaí Aimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ma thoisgheann sé ag cur agus ma théigheann na cearca ar foscadh sin comhartha go ndéanfaidh sé tuireadh gan mhoill.
Nuair atá siad ag piocadh a gcuid cluimhrigh sin comhartha fearthinn.
Nuair a bhíónn na lácháin ag buaileadh a gcuid eiteog sin cómhartha gaoithe móire.
Nuair a théigheann an cor abhna suas an abhainn sin cómhartha aimsire maithe, acht ma theígheann sí síos an abhainn sin cómhartha fearthinne.
Nuair a thigeann na cearca fraoich anuas ó na cnuic sin cómhartha stóirme.
Ma ghníónn an chearc uisge a nead síos comhgargach don talamh sin cómhartha aimsire maithe acht nuair a ghníonn sí a nead suas go h-árd sin cómhartha tuillteach.
Nuair a bhíonn an dreolán ag gabháil ceoil luath ar maidin sin cómhartha go mbíodh sé ag cur roimh an oidhche.
Nuair atá na h-ainleógaí ag éitealladh go h-íseal sin cómhartha droch-aimsire, acht nuair atá siad ag éiteallaigh go h-árd sin cómhartha aimsire maithe.
Nuair atá an meanann oidhche le cluinstin san oidhche sin cómhartha aimsire maithe.(continues on next page)