School: Leitir
- Location:
- Templecrone, Co. Donegal
- Teacher: Proinsias Ó hEachaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tomasannaí :- I Leitir ‘Ic A’ Bhaird.
(Ubh) Ubhall buidhe i lár na coilleadh báine :-
Meascan ime ar plata nán.
Tchím é is ní fheicim é, siud thall ar chnoc na h-áiteannaighe é, luigheann sé ar an dríuct as ní imthigheann sé gan cuideachta :- bás.
Dhá théad sínte agus téad i n-a rith:- Sruthán.
Cáide tá an domhan ag deánamh ar an bhomaite amháin? :- Ag eirghe aosta.
Báirrle ar an tráigh agus dhá thaoibh druidthe :- Ubh.
Fear mór fada dubh i n-a sheasamh i lár carnáin cloch:- Crochadh.
Teachtaire bheag o theach go teach agus é amuigh san oidhche:- Casán.
Tubán beag agus é líonta d’fhéol dhuine:- Mearacán Táiluireachta.
Poll dubh dorcha i n-éadan na mallacha a mheanacha ag cainnt agus é fhéin i n-a thost:- Pota ag gal.
Dhá chois faoi, trí chos os a chionn, ceann i na thoin agus a thóin os a cionn:- Fear agus pota ar a cheann leis.
Ceathrar n-a rith, ceathrar ar crith, beirt ag deánamh an eolais agus a luibhineach(continues on next page)