School: Tobar Ruadh

Location:
Toberroe, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Cinnéide
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0040, Page 0123

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0040, Page 0123

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tobar Ruadh
  2. XML Page 0123
  3. XML “Ciste i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá sé ráidhte ag na sean-daoine go bhfuil ór i bfholach i gCluain-Bárr timcheall le leath-mhíle ó mo theach agus go bhfuil sé currtha ann trí nó ceithre chéad de bhliadhanta. Is i mbárr cnuic atá sé currtha agus níl aon tighthe níos giorra ná leath mhíle dhó.
    Níl cuid de na daoine cinnte cé chuir ann é acht deireann cuid aca gurab'é easbag a rinne é. Dubhairt siad go raibh sé ag fágáil na h-áíte agus go raibh an píosa óir seo aife agus níos mhaith leis é a thabhairt leis ar an dturas agus rinne sé poll agus chuir sé an píosa óir síos ins an bpoll sin agus chuir sé leacht mór annsin ós a chionn. Dún sé an poll le cré agus d'imthigh leis as an áit.
    Ní raibh fhios ag aon duine go raibh an t-ór seo ins an áit sin go ceann tamaill agus tar-éis tamaill fuair fear eicínt an sgéal amach agus chuaidh an sgéal ó dhuine go duine gur chualaidh fear é a bhí in-a-chomhnaidhe trí mhíle nó mar sin ó'n áit agus tháinig sé go dtí an cnoc agus thaisbeán duine eicínt an poll dó agus annsin thóg an fear an cré a bhí ó's cionn an pholl le (sluais) sluaseaid agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Chómair
    Gender
    Female
    Address
    Cloonbar, Co. Galway
    Informant
    Seán de Búrca
    Gender
    Male
    Age
    57
    Address
    Cloonbar, Co. Galway