Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Northampton, Co. Galway
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Northampton
- XML Leathanach 0127
- XML “Scéalta faoi na Siógaí”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag droicead locurra arís. Tug sé buidéal fíon a bhí in a póca aige do'n sagairt . "Cá bhfuair tú é sin" arsan sagart. "Ó 'Mrs Moloney' " arsan fear. "Níor dhíol sí aon deor araimh de sin" arsan sagart. D'innis an fear an sgéal do'n sagart.
Tá sé ráidhte gur b'shin é an céad cárr a tháinig go h-Éirinn ariamh.(7) Bhí fear fadó ann is chonnaic sé an cóiste bodhar bhí sé in a comhnuidhe i ndáil le Cinn Mhara. Chuaidh sé ar cuairtigh san oidhche. Nuair a chuaidh sé amach as an teach a bhí sé ar chuairt ann cuala sé an torann ag teacht arais an bóthar in a aghaidh. Rith sé leis fhéin agus bhí an doras dúnta in a aghaidh. Bhí 'crowbar' in aghaidh an dorais le na choinneál dúnta. Chuir sé an 'crowbar' le 'drive' in aghaidh an 'back-door'. Chuaidh sé go dtí an bhfuinneóg le an cóiste a fheiceál. Cóiste mór dubh a bhí ann agus gan aon capall fuaithe is beirt in a suidhe suas gan aon cloige-ann orra. - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.