School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0204

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0204

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0204
  3. XML “Bliain na nArda”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. San am a raibh na h-árda ghá ngearradh bhíodh go leór daoine ag obair ar na bóithrí. Bhíodh sgata fear ag obair ar árd agus sgata eile ar árd eile, agus béidir nach mbeadh ach aon Cheannphort amháin ortha agus é ag imeacht ar chapall bán. B'éidir nach bhfeicfeach sé sgata dhá mbeadh ar árd aca acht 'chaon dára lá agus bhí a shliocht ortha: is beag obair a bhi siad a dhéanamh.
    Nuair a d'fhághadh siad an seans ghabhadh cuid aca abhaile ag obair i na gcuid garranta. An lá seo d'imthigh cuid aca abhaile agus tháinig an Ceannphort ar ais agus chonnaic sé cuid dhá chuid fear imthighthe. Tráthnóna ag dul abhaile dhó chas fear de na fir a d'imthigh abhaile dó agus d'fhiafruigh sé dó go cé an fáth é a dhuil abhaile. Ni raibh fhios ag mo dhuine bocht céard a dhéanfadh sé acht dubhairt sé go dtáinig sgéala chuige go raibh bó leis i dtinneas laoigh. D'fhiafruigh an ceannphort dhó cé raibh an bhó a raibh an laogh aice agus dubhairt an fear gur thiar i mbárr an bhaile a bhi sí. "Fágh seo", adeir an ceannphort, "go bhfeicfidh muid í agus beidh do leithsgéal gaibhte annsin". D'imthigh mo dhuine bocht i na dhiaidh agus a dhóchain mór drugaill air. Bhí go maith agus ní raibh go holc go raibh siad ag tarraingt ar an ngarrdha a raibh na beithigh ann. Dubhairt fear na bó go raibh sí ins an ngarrdha ann-sin thuas agus nach raibh aon call doibh a dhuil níos fuide, ach chuaidh an fear suas go dtí an bhó agus céard a bheadh ann acht bullán.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Ó Fatharta
    Gender
    Male
    Age
    15
    Address
    Clochar na gCon, Co. Galway
    Informant
    Pádhraic Mac Thuaithealáin
    Gender
    Male
    Age
    26
    Address
    An Teach Mór, Co. Galway