School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0242

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0242

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0242
  3. XML “An Each Uisce”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear fadó ann é féin is a bhean. Bhí go leor talamhna aca. Bhí go leor don talamh faoi choirce an bhliadhain seo aca. Nuair a bhí an coirce aibidh tháinic rud eicínt isteach san gcoirce san oidhche ortha agus d'ith sé cuid mhaith don choirce. Dubhairt an fear go bhfanfadh sé 'ghá fhaire' an dara oidhche. Amach san meadhon oidhche d'airigh sé an rud a' teacht san ngarrdha. Shiubhail sé píosa den pháirc acht céard a chonnaic sé ag ithe an choirce acht capall. Rith sé agus rug uirthi is thug abhaile í. Ní raibh a fhios aige céard a dhéanfadh sé léithi.
    Chuaidh sé go dtí sagart an phoráiste acht 'sé adubhairt an sagart leis í a choinneáilt mara bhfuigheadh sé aon dhuine dhi. Choinnigh sé í agus bhíodh sí aige ag treabhadh agus ag déanamh chuile obair dhó. An dara bliadhain bhí searrach aice, an treas bliadhain bhí searrach aice, an ceathrú bliadhain bhí searrach eile aice. Dhíol sé na searraigh nuair a bhí siad mór.
    Bhí go maith bhí an fear ag imtheacht san gcarr lá. Spréach an capall air. Leig sí béic is chrath sí gach a raibh de thalamh thart timcheall
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Cearra
    Gender
    Male
    Age
    12
    Informant
    Pádhraic Ó Cearra
    Gender
    Male
    Age
    40
    Address
    An Lochán Beag, Co. Galway