School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Théigheadh ceannaidhe capall siar go Connamara fadó, agus go deimhin gach aon seachtmhadh bliadhain a théigheadh sé siar. Chuile oidhche dhá dtagadh sé i dteach an fhir seo a chuireadh sé faoi. Tháinig sé an t-am seo agus ní raibh bean an tighe ann. Bhí sí caillte. D'imthigh an ceannaidhe agus dubht. sé nach mbeadh sé i bhfad go mbeadh sé ar ais arís. D'imthigh leis agus ní dheárna stad ná comhnaidhe nó gur sheas sé thíos i gCo. Mhuigheó... Tháinig sé ar ais agus d'innis d'fhear Chonnamara gur cosamhail le n-a bhean a bhí thíos i gCo. Mhuigheó.
D'imthigh an bheirt acu síos. Chuadar chuig an teach seo. Ba ghearr gur imthigh an mac agus an ceannaidhe amach a fiadhac agus d'fhan an dá shean-dhuine istigh ag sáraidheacht ar a chéile.
Deir fear Chonnamara: - Dhá n-imthigheadh caora uait-se agus dá bhfuigheadh duine í ar cheart dó í thabhairt ar ais? Dubht. an fear thíos gur cheart... B'éigean dó a bhean féin a thabht. d'fhear Chonnamara.
Nuair a tháinic an mac isteach dubht. sé le fear Chonnamara nach mbeadh a bhean le fagháil aige marach é féin: nuair a chuaidh sé amach ag iarraidh buicéad uisge go bhfuair sé thuas ar bharr an chrainn í agus go dtug sé isteach í agus gurab shin é an chaoi 'bhuair sé féin í.- Collector
- Colm Ó Dioláin
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Informant
- Máirtín Fhrainc Ó Conghaola
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Coill Rua Thiar, Co. Galway