School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0454

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0454

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0454
  3. XML “An Buinneán Buí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Buinneán Buidhe (leagan Chonnamara)
    A bhuinneáin bhuidhe bhoicht mo thruagh do luighe thú
    Is tá tú reóidhte faoi bhun na dtom;
    Tá do ghob is do sgórnach ar dhath an óir bhuidhe
    Is do bhéilín ró-dheas ar leacaibh lom.
    Dá gcuirteá sgéala fá mo dhéin-se
    Rachainn dot' fhéachaint dhá uair roimh lá;
    Bhainfinn géimneach as leac loch Éirne
    Is d'fhliuchfainn do bhéilín 's do chroidhe in do lár.
    Ní bó ná gamhna tá mé 'caoineadh
    An lon dubh, an chéirseach ná an t-éinín glas
    Ach an buinneán buidhe bocht le go dtug mé gnaoi dó,
    Mar is geall liom féin a shnuadh 'sa dhath.
    Mar bíonn sé i gcomhnaidhe 'síor-ól na dighe
    Agus deirtear go rabhas-sa amhlaidh seal;
    Deamhan deor dá bhfuighe mé nach leigfinn síos
    ar eagla go bhfaighinn bás de'n tart.
    Dubhairt mo bhean liom dá mbeinn ag ól
    Nach mairfinn beó ach seal beag gearr
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Mac Donnchadha
    Gender
    Male
    Age
    65
    Address
    An Aird Thoir, Co. Galway