School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0260

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0260

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0260
  3. XML “Aifreann an Diabhail”
  4. XML “An Taibhse sa Teach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    buidheachas mór leis an mac, annsin. D'imthigh leis an mac go dtí an chúairt é féin agus a athair agus a mháthair agus mhair siad go suaimhneach sásta i na dhiaidh sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear in a chomhnuidhe i dteach fadó agus bhíodh rud dhá aireachtáil san teach. Bhíodh sé ar crith lé faitcíos. Chuir sé sgéala amach go dtiubhradh sé a mheadhchan féin d'ór go dhuine ar bith a chodlóchadh san seomra. Chuile dhuine a chodlóchadh san seomra bhíodh sé cáillte ar maidin. Bhí fear bocht ag siubhal an bóthar lá agus chonnaic sé go leor daoine ag dul isteach san Seipéal agus buidéal ag gach duine aca. Fuair sé héin buidéal freisin agus líon sé d'uisge coirseacha é. D'imthigh leis annsin. Chas an fear seo dhó agus dubhairt sé go dtiubhradh sé a mheadhchan féin d'ór dhó dhá gcodlóchadh sé san seomra. Nuair a tháinig an oidhche chuaidh an fear bocht a chodladh san seomra agus an buidéal aige. I lár an mheadhan-oidhche d'airigh sé torann ós a chíonn agus ba ghearr go bhfaca sé dhá chos bó ag tigheacht anuas thríd an áiléar agus dubht.an té a bhí thuas dubht. sé "Marach an buidéal atá agat bheadh tú san áit céadna atá mise."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Address
    An Teach Mór, Co. Galway
    Informant
    Bairbre Ní Chúláin
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    54
    Address
    An Teach Mór, Co. Galway