School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sailearna (Buachaillí)
- XML Page 0419
- XML “Páidín agus an Diabhal”
- XML “An Táilliúr agus an Sagart”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar a dhruim é nó gur casadh isteach go dtí táilliúr é. D'fhiafruigh P. do'n t. an bhfuaighfeadh sé a mhála agus gach a raibh ann. " 'Mhanam go bhfuaghóchadh," adeir an táilliúr.
Thosuigh sé ag fuagháil agus thosaigh an d-l ag sgreadach agus nuair a bhí Páidín sásta leig sé an d-l as an áit a raibh an táilliúr ghá chradhadh. Gheall an d-l rud ar bith do Ph. ach é leigean saor. "Bhuel," adeir P., "Caithfe muid a dhul suas ar an gcnoc seo." Agus céard a bhí ann ach áit a raibh coiléar mór a mbainthí clocha ann. Ní dearna Páidín ach an d-l a chaith' síos le fánaidh an chnuic agus é fhágáil mar sin. Agus buaileann P. abhaile aríst agus a chroidhe lán le bród agus bhí ag déanamh a chuid gaibhneachta as sin amach. - i bhfad leis. - Tiocfa tú chuig a' teach amáireach chugam, adeir an S., agus tiúbhra mé faoistean dhuit.
Tháinic sé lá'r na mháireach, agus bhí an S.P. ag spaisteoireacht amach ar an mbóthar. Chas an S.P. agus an táilliúr dá chéile agus shiubhail siad in éinfeacht annsin. Ní raibh siad i bhfad ag siubhal gur casadh abhainn dóibh. Dubht. an táilliúr leis an S.P. - Gabh thusa ar mo dhruim-sa ní bheidh fliuch againn ach duine. Chuaidh an sagart ar dhruim an táilliúra. Nuair bhí sé amuigh i lár na h-abhann d'iarr an táilliúr faoistean ar an sagart. - Ó fan go rachaidh muid ar an talamh tirm, adeir an S.P. - Ní fhanfa mé, adeir an T. Bhíodar féin ag sárú a chéile nó gur dhubhairt an S.P. leis an táilliúr - Tá an bháillséire ort! - Ní i bhfad a bhéas, adeir an T. Chaith sé an S.P. anuas ins an abhainn agus fliuchadh go maith é. D'imthigh an T. abhaile.
Ag dul abhaile do'n T. chas táilliúr eile dhó - ní íosfa tú aon ghreim go deó, adeir sé leis, mar gheall ar an mbail a chuir tú ar an sagart. - Cuirfidh mé chúig phúnt leat gur túisge thiubhras sé mo bhéilidhe dhomsa amáireach ná dhuit-se.
D'imthigh na táilliúirí lár na mháireach agus sheasadar amach ar aghaidh doras a' tsagairt. -Breathnuigh amuigh mo dhuine, adeir an S. leis an gcailín. Blaoidh isteach air. Tháinig an T. isteach agus dubht. sé - Is breagh an barra óir a fuair mé sa gcladach indé, nuair d'imthigh tú uaim. - Ná cainntigh, go deó air, adeir an sagart. - Ní chainnteóchaidh. - Tabhair béilidhe maith anois dhó adeir an S. leis an gcailín. Nuair bhí a bhéile ithte aige dubht. an S.P. leis: Gabh ar do ghlúine anois agus tiubhra mé faoistean duit. Chuir sé trí thuras air go Cruach Phádraig. (An chuid eile de'n sgéal mar atá in "Turas na Cruaiche" leathanach 43, sa leabhar seo.)(continues on next page)- Informant
- Micil 'ac Confhaola
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- An Púirín, Co. Galway