School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sailearna (Buachaillí)
- XML Page 0248
- XML “An Ceannaí”
- XML “Tiobóid Dábhaic”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí go maith go dtáinic Dia Domhnaigh bhí an ceannaidhe ag an Aifreann. Nuair a bhí an sagart a tabhairt seanmóir uaidh dubhairt sé duine ar bith a ghabhfadh go h-Ifrionn nach dtiocadh sé as go bráth. "Thug tú th'eitheach,' adeir an ceannaidhe. "Bhí mise i n-Ifrionn athrú aréir agus leigeadh as mé ar chárt fuisge is seacht agus sé pinghine."
- Bhí Tiobóid Dábhaic in a chomhnuidhe ar Tulaig na Sídheóg agus bhí teach agus talamh aige ann agus é pósta. Bhíodh coirce agus fataí curtha aige. Bhíodh sé ag baint na bhfataí ar taob an chnuic agus nuair a bhíodh siad bainte ar fad aige bhíodh na fataí ar fad cruinnighthe thíos san ngleánn.Tharraingeadh sé an leasú as na h-Aille agus as an gCoill Ruadh le cliabh ar a dhruim timcheall is ceithre mhíle bealaigh agus thagadh sé anuas aríst chuile oidhche ag cuairt do na h-Aille. Lá amháin dá ndeachaidh sé amach ag an tobar ag iarraidh buicéad uisge d'éirigh leis easgan a thógal agus thug sé leis abhaile í(continues on next page)
- Collector
- Beartla Ó Flaitheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 15
- Informant
- Tomás Ó Flaitheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 71
- Address
- An Lochán Beag, Co. Galway