School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Dá Cheannaidhe agus Buadh na Fírinne
Aon uair amháin bhí dhá cheannaidhe ann agus bhí cúig phunta dhéag ag 'chaon nduine acub agus aon lá amháin thosaigh siad ag sáraidheacht ar a chéile duine acab a rádh go mb'fhearr an fhírinne agus an ceann eile ag rádh go mb'fhearr a' bhréag. Ach faoi dheireadh chuir siad chúig phunt le chéile agus an chúis fhágáil ag an gcéad duine chasfaidhe dhóibh. Táiniceadar suas ar an margadh sin.
Bhíodar a' siubhal leób nó gur casadh fear dóibh agus d'fhiafruigheadar dhó cé mb'fhearr an fhírinne ná an bhréag. Dubht an fear leob go mb'fhearr an bhréag. Annsin bhí a chúig phunt caillte ag ceannaidhe na fírinne. Mar sin féin chuir se cúig phunt eile le ceannaidhe na mbréag agus adubht:- fágfa mé ar bhreitheamhnas an chéad duine eile chasfas dúinn é; cuirfidh mé féin an cheist air. Bhí ceannaidhe na mbréag sásta. Níor bh'fhada gur chas fear dóibh agus d'fhiafruigh C. na F. dhó cé mb'fhearr an fhírinne nó an bhréag. - Is fearr a' bhréag, a deir a fear. Agus b'sin £5 eile caillte ag C. na F. Ach chuir sé na £5 deireannach a bhí aige thíos nó thuas agus dubht go bhféadfadh ceannaidhe na mbréag an cheist do chur an uair seo. Bhíodar sásta.
Ba ghearr gur chas fear uasal dóibh. Agus ní raibh ceapadh ar bith ach C. na F. nach mbeadh leis an uair seo. Ach mo lean, sé an freagra céadhna a fuair sé ó'n duine seo agus a fuair ó'n mbeirt eile. Bhí croidhe Ch. na F. beagnach briste taréis a £15 a chailleadh ach ba chuma leis. (!!) Dar fiaidh dubht sé le(continues on next page)- Informant
- Pádhraic 'Ac Thuathaláin
- Gender
- Male
- Age
- 26
- Address
- An Teach Mór, Co. Galway