School: Sgoil Mhuire (An Clochar)
- Location:
- An Spidéal, Co. Galway
- Teacher: An tSr. Maelsheachlainn Seoighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sgoil Mhuire (An Clochar)
- XML Page 142
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal
“Bhí beirt ann ins an am fadó agus sé an t-ainm a bhí ortha ná Tomás agus Peige. Bhíodar ag obair ag duine uasal a bhí ar an mbaile.”
Sean Sgéal.Bhí beirt ann ins an am fadó agus se an t-ainm a bhí ortha ná Tomás agus Peige. Bhíodar ag obair ag duine uasal a bhí ar an mbaile.
Nuair a chuadhadar in n-aois dubhairt an duine uasal nach rabhadar ag teastáil uaidh ní ba mhó Chuadhar abhaile agus ní raibh aon deis ó neamh aca le airgead a dhéanamh.
Aon lá amháin dubhairt Tomás le Peige bás a leigint uirthi fhéin agus go rachadh sé fhéin go dtí an duine uasal ag iarraid rud eicínt le na cur. Chuaidh Tomás go dtí an duine uasal agus dubhairt se leis go bhfuair Peige bhocht bás agus go raibh sé ag iarraidh rud eicínt le na cur.
"Níl aon bhlas agamsa dhuit act paipéar chúig pund agus seo dhuit é", Ars an duine ua[sal.]
Dhimtig sé abhaile go sásta annsin go dti Peige. Bhí faoi an duine imtheacht as an mbaile go ceann míosa. Lá amháin arsa Peige le Tomás "Luigh siar.(continues on next page)- Informant
- Labhrás Ó Feínneadha
- Gender
- Male
- Address
- An Spidéal, Co. Galway