School: An Gleann (roll number 12407)
- Location:
- Farravaun, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 359
- XML “Seaniarsmaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an tighearna talmhan bás annsin. Chuir an tighearna talmhan a saighdíuirí ag faire ar an gcuirp ar eagla go ngoidfí í. Tuairim is a dó déag a' chlog chualadar torann mór síos ins an loch. D'féachadar síos agus chonnaiceadar péast mór ag teacht aníos as an loch. Ritheadar le na n-anam. Fuaduigheadh an corp sin freisin.Taréis tamaill fuair bean i nGleann bás. D'iarr an fear annsin ar an mac ba sine an faire a dhéanamh ar an gcorp. Ní dhéanfadh sé é. Díarr sé annsin ar an dara mac agus ní dhéanfadh sé é. Annsin d'iarr sé ar Réamonn an mac is óige aca. Dubhairt Réamonn go rachfaidh sé. An oidhche sin chuaidh sé go dtí an reilig le faire a dhéanamh ar a máthair.Bhí faitchíos mór air, agus mothuigh sé uaigneas na marbh thart air. Tháinic a dó a' chlog agus chuala sé torann mór ins an loch. D'fhéach sé síos agus chonnaic sé péast uathbhásach ag teacht aníos as an loch. Ba mhaith leis rith abhaile acht annsin chuimhin sé ar a mháthair.D'fhan sé taobh istigh de'n geata agus leig se don péast teacht suas. Nuair a chur sé a cheann isteach tharraing sé a chlaidheamh agus bhain sé an ceann de. Léim an cloigeann agus fuair sé greim ar an geata. Tá ríon na fiacla ar an ngeata fós. Tá clais mor freisis ó'n loch go dtí an reilig, an áit a thagadh an péast suas. Thuit braon den fuil(continues on next page)
- Collector
- Nóra Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Informant
- Uaitéar Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 60