School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 019
- XML “Jackeen - An Gadaí Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Is maith mar thárla", ar siadsan, "ag dul a' gadaidheacht atá muid freisin.
D'imthig leob agus níor bhfada gur shroicheadar teach a raibh go leor óir agus airgid ann. Chuaidh siad suas ar an teach agus cheangail siad téad faoí lár Jackeen agus scaoil siad síos an similéar é, nó gur líon dhá mhála le ór dóibh agus tharraing siad aníos annsin é. "Ó fanaighe" arsa Jackeen "go mbeadh mé féin réidh". Sgaoil siad síos aríst é ach nuair a fuair siad thíos é sgaoil siad uatha an téad & d'fhág siad annsin é.
D'imthigh Jackeen leis 'fud a' tighe go ndeachaidh sé suas ar lota a bhí ann, agus fuair sé craiceann bó a raibh adharcaí air. Chuir Jackeen air é, & d'imthigh leis ar fud a' tighe ag sgréachaighil & ag búirighil. Nuair a dhúisigh fear a' tighe d'fuagair sé ar an gcailín, éirighe & solus a lasadh. Nuair a tháinig sí isteach sa gceistineach, céard d'fheichfeadh sí ach Jackeen & an craiceann bó air. D'fhuagair sí ar fhear a' tighe go raibh an diabhal sa gcistinigh. "Oscail an doras" ar seisean "& leig amach mé". Rinne an cailín amhlaidh. D'imthigh Jackeen leis.
Bhí sé ag imtheacht agus ag síor-imtheacht gur tháinig sé do dtí teach beag nach raibh duine ar bith ann. Shíl Jackeen go raibh aige acht bhí an teach sin chomh dona leis fhéin. Ní raibh airgid ná ór ann.
D'imthigh Jackeen leis & níor bhfada go bhfaca sé solus beag i bhfad uaidh agus uaidh & ní i ngar dó. Rinne sé ar an solus & cé bheadh ann ach an dá ghadaidhe eile & iad ag roinnt an óir eadtorra. Tháinig Jackeen isteach & chomh luath & chonnaiceadar é d'fhuagar siad "ins na míle murdars". "An diabhal, an diabhal" & ritheadar le'na n-anam. Chruinnigh sé mála(continues on next page)- Informant
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Other names
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Gender
- Female
- Age
- 65
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway