School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 021
- XML “Jackeen - An Gadaí Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a bhí an choinín a raibh an chois briste aige ag dul thairis, lean an fear é agus fuair sé greim air. An fhaid & bhí an fear imthighthe ghoid Jackeen an céachta & thug sé chuig an cheannphort í. Nuair a chonnaic an cheannphort í, dubhairt sé, "Is maith an fear thú, ach mara ngoidfe thú an fáinne atá ar láimh mo mhná anocht, bainfidh mé an ceann díot".
Bhí máthair an fhir seo léis a cur, & nuair a tháinig an oidhche, thóig Jackeen an chailleach & chuir sé 'na seasamh taobh amuigh den doras í. Nuair a chonnaic an fear í - bhí an oidhche fíor-gheal - shíl sé go mbé Jackeen a bhí ann. Ní rinne sé ach aghaidh an ghunna a thabhairt air. Nuair a sgaoileadh an t-urchar, sgaoil Jackeen uaidh an chailleach & thit sí ar an talamh. Nuair a chonnaic an duine uasal sin shíl sé go mbé Jackeen a bhí ann & d'éirigh sé le é a chur.
Nuair a fuair Jackeen imthighthe ag cur na caillighe é, chuaidh sé féin isteach sa teach. "Cé'n fáth" arsa an bhean "nách bhfuil tú á' chur" mar shíl sí gur bh'é Jackeen a bhí marbh & go mba é a fear féin a tháinig isteach in-áit Jackeen. "Ó! tá múir báistighe ann" ar seisean "& gabhfaidh mé codladh go fóilleach".
Chuaidh Jackeen isteach a' chodladh in-éinfheacht le bean an duine uasail & níor airigh sí ariamh gur sgiob sé an fáinne dá méar. Nuair a tháinig an duine uasal bhí fearg chomh mór sin air & nach ndéarna sé ach gach a raibh san ngunna a cur thríd fhéin. Nuair a bhí sé curtha caillte, phós Jackeen & bean an duine uasail & chaith siad saoghal sona. Ar ndóighe ní bheadh easba airgid uirrí & Jackeen bheith mar fear aici.- Informant
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Other names
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Gender
- Female
- Age
- 65
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway