School: Camus (roll number 11290)

Location:
Camas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 116

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 116

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Camus
  2. XML Page 116
  3. XML “Beatha na nDaoine Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tuitim anuas sa soitheach a bheadh faoi agus d'fháisgidís annsin in éadach glan é agus bhíodh béilí acu an uair a bheadh sé bruithte.
    Bhí daoine luath láidir sgufánta ann fadó. Seárd a bhí ghá dhéanamh sin ná an bheatha. Bhíodh go leór daoine ann an t-am sin mar ní raibh siad ag cur deireadh len a saoghal le rudaí deasa mílse mar atá siad anois.
    Ní dhéanaidís acht bruithneóga a chaitheamh síos sa teine nuair a thigeadh siad isteach as an ngarrdha. Iad sin a ithe agus bualadh amach ag déanamh a gcuid oibre. A theacht isteach nuair a bheadh sé 'na oidhche agus má's bó nó cúpla bó a bheadh acu a réidhteach.
    B'fhéidir gur píosa do cháicín bruithte ar tlú agus iad buidheach beannachtach faoi'n méid sin fhéin a bheith acu. Bhíodh siad ag cárdáil agus ag sníomhadh a gcuid bréidín.
    Is iomdha cineál béile a bhiodh ag daoine fadó nach mbíonn againne anois. Comh maith le bactstaoi bhiodh min-bhuidhe agus min-choirce agus cineálacha eile
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. products
      1. food products (~3,601)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Breahnach
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Leitir Móir, Co. Galway