School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 423

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 423

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 423
  3. XML “Daoine Cáiliúla”
  4. XML “Daoine Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do thóg fear darb' ainm Pádraig Ó Cadhain, as Tír na Cille, cloch mhór, tuairim is sé céad meadhchaint, agus chuir sé suas í go dtí a ghuailne gan strómh ar bith.
    Cúpla blian ó shoin do thóg fear d'arb' Pádraig Ó Droighneáin as Cloigcheam dhá mhála plúir faoi na dhá asgaill tuairim is céad slat agus dhá cheann eile ar a dhá ghualuinn, agus d'fhill sé ar-ais annsin agus thóg sé céad meadhchan eile le na fiaclaí an fhaid chéadna.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear i nDuithche Sheoigeach fadó agus is é an t-ainm a bhí air Éamonn Seoighe. Bhí sé i n-a fhear an láidir. Ba é an fear ba láidre de na Seoighe é, ach tar éis tamaill fuair sé tinn agus bhí sé ag dul go Gaillimh chuig dochtúir.
    Ins san am sin ní raibh aon gluaisteán ann, acht bhíodh capall ag Eamonn i gcomhnuidhe. Lá a bhí sé ag dul go Gaillimh bhí fear ar an mbóthar go Gaillimh a chuala trácht faoi Éamonn agus d'éirigh sé amach roimhe, agus d'fhiafruigh sé d'Eamonn an raibh sé i n-a fhear chomh maith leis féin. Dubhairt Eamonn leis go raibh sé lá agus nach dtiubhradh sé isteach dhó. Dubhairt an fear seo le Eamonn go gcaithfeadh sé troid leis ná a rádh nach raibh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Liodáin
    Gender
    Male
    Age
    55
    Address
    An Cloigeann, Co. Galway