School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 444
- XML “Amhrán an Phúca”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán an Phúca
“Éireóchaidh mé ar maidin i n-ainm an Dómhnaigh ¶ Agus rachaidh mé in mo chomhnaidhe ar chnocainín bán”
Éireóchaidh mé ar maidin i n-ainm an Dómhnaigh
Agus rachaidh mé in mo chomhnaidhe ar chnocainín bán
Déanfaidh mé teach ann ar leath-taobh an bóthair
I bhfogus don comhgar i bhfus agus thall
An áit a mbeadh agam fear bealaigh is bóthair
Caidreamh lucht eolais, fear luinge agus báid.
Beidh sgoil ag lucht eadhalain agus óganaigh óga
A' lorg an eolais ag teacht in mo shraid.Is é iomradh na gcailleach as sean daoine críonna
D'fhág mearbhall ar m-intinn is néal i mo cheann
Dhá rádh go raibh púca ann ó aimsir na díleann
Go bhfaca na daoine é ach níl fhios cén t-am.
Niorbh é sin a bhaith liomsa ar theacht raithe and gheimhridh
A bheith ag déanamh iosbairt istigh in mo shráid
Go mbíonn sé in a chat is in a mhadadh san oidhche
'S nár thúisge 'na phúca é ná 'na shean-ghearrán bánA chomharsana dílse tugaidh don congnamh
'S oíbreochaidh mé an púca amach as an áit
Cuirfead fá gheasa é a's fá daoirse na h-umhlucht
Gan a theacht aon oidhche níos giorra ná an Mám.
Chinn sé ar an Niallach 's ar Pádraigh de Búrca
A's an méid seanóirí a bhí insa an áit,
Ach seolfadsa siar é go bun Cnoc an Dúna,
Mar a bhfuil caisleán an phúca thuas ar a bhárr.(continues on next page)- Informant
- Micheál Mac Suibhne
- Gender
- Male