School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 521

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 521

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 521
  3. XML “Ainmhithe an Feilme”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bíonn timcheall trí nó ceathar de ba ar a laighead ag gach duine san áit seo agus timcheall cúig nó sé de bheithidhigh eile. Tuggar beithidhigh sheasc ar gach beithidheach ach amháín na ba.
    Nuair a bíónn siad ag tiomáint na mba, deirtear "Gabh amach agus uaireannta "Habha, habha." Tugtar síneochaigh ar chíche na mbó." Níl aon ainm fé leith again ar aon cheann de na ba há ar na gamhna. Cró na mba a tugtar ar an stábla i n-a mbíonn na ba in a gcodladh san geimhreadh. Codluigheann siad amuigh fé an aer sa samhradh. Cuirtear raithneach, luachair agus brúth-fá-thír uaireannta amr leabaidh fútha. Cuireann cuid de na daoine tuighe agus feár fútha. San geimhreadh tugtar féar agus coirce dóíbh le n-ithe. Bíonn ceangail iarrainn ag na daoine chun na ba a cheangal. Buarach a tugtar ar an gceangal sin. Cuirtear cruinneasg ar na gamhmna. Tuighe casta nó cosachan cnába seadh é sin. Déanann na daoine féin na ceangail le h-aghaidh na gamhna ach ceannuigheann sid na ceangail iarrainn.
    Bhíodh capall ag gach duine de na sean daoine fadó agus bhíodh na daoine an cheanamhail leo. Déaraidís go raibh siad chomh críona le duine. Bhí fear an gCeathramhadh Garbh fadó dárb' ainm Brian Mac Aodha agus bhí capall iongantach aige.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Maighréad Ní Dhroighneáin
    Gender
    Female
    Age
    42
    Address
    An Cheathrú Gharbh, Co. Galway