School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 484

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 484

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 484
  3. XML “Lucht Siúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tagann corr-fhear siubhail isteach ins na tíghthe ó am go h-am, acht fadó bíodh go leor fir siubhail ag dul thart.
    Bhíódh fear darb' ainm Máirtín Ó Cadhain ag teacht go dtí an teach céadna gach blian agus sa deire cailleadh ann é. Nuair a bhí sé ag fághail bháis dubhairt sé le muintir an tighe dá dtagadh a mhac, Peadar, go dtí an áit aon uair an tsean-chasóg a bhí aige féín a thabhairt dó. Nuair a bhí an fear siubhail curtha do chaith na daoine a chuid sean éadaigh thuas i gcrann.
    Tar éis cúpla blian tháínig mac an fhir shiubhail thart agus d'fhiafruigh sé cá raibh sean-éádaigh a athar agus do theasbánadar dhó iad. Bhiodar chomh lobhtha gur thuiteadar ó n-a chéíle agus thosuigh na ginithí ag tuitim asta mar abheadh cioth báistighe ag tuitim. Thóg an mac an t-airgead agus d'imthigh sé go Ameirica agus níor friothadh aon amharc 'na dhiaidh sin air.
    Bhí fear siubhail ag dul thart san áit seo uair amháín agus bhíodh sé ag casadh amhrán do na daoine. Thugaidís go leor airgead dhó agus bhíodh sé ag ól go leor. Oidhche amháin bhíodh sé ag teacht o'n teach ósta agus bhí sé roinnt súghach. Bhí an oidhche dorcha agus ní raibh aon solas aige.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Language
    Irish
    Informant
    Áine Ní Liodáin
    Gender
    Female
    Age
    56
    Address
    An Cloigeann, Co. Galway