School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)isteach. Bhí sé ag dearcadh ar an bpota agus dubhairt sé le fear an tighe, "Nach aisteach an rud atá sgríobhtha ar an bpota sin." "Céard tá scríobhtha air?" arsa fear an tighe. "Ní fearr taobh d'en tom ná an taobh eile." Níor leig fear an tighe air féin cá bhfuair sé an pota chor ar bith. Nuair a chuaidh fear an eile [an fear eile?] abhaile chuaidh fear an tighe amach agus bhain sé ar an taobh eile de'n crann agus fuair sé pota óir eile.Deirtear gur b'iad na Lochlannaigh a chuir ann é. Bhí gamhan mór ag tabhairt aire dó.
- Lá fadó bhí fear ag baint fataí in aice le Maimín, áit atá dhá mhíle thiar ó Chornamóna. Nuair a bhí sé ag baint thóg sé suas cloch, thóg sé suas cloch eile, agus ceann eile agus sa deireadh thóg sé suas pota óir agus thug sé abhaile leis é.Bhíodh sé ag baint úsáide as an bpota agus bhíodh sé ag bruith fataí ann. Lá amháin tháinig fear de na comharsain isteach agus bhí sé ag dearcadh ar an bpota, agus dubhairt sé, "Is aisteach an sort pota é sin." Bhí rud eigin sgríobhtha ar an bpota agus séard a bhí sgríobhtha air, "Ní fearr(continues on next page)
- Informant
- Tomás Ó Liodáin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Gleann Loiscthe, Co. Galway