School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 514

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 514

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 514
  3. XML “Ainmhithe Neamhshaolta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Deirtear go bhfaca na daoine ainmhidhe beag dubh san uisge agus ní fhacadar a leithead aninmhidhe roimhe sin ná ó shoin. Thiar i n-aice leis an Mám a chonnaic siad é. Dob' é Máirtín Ó Catháin an chéád duine a chonnaic é agus é ag bádóíeacht. Rinne sé iarraidh ar breith air ach gach uair a théígheadh sé i n-aice leis d'imtheóchadh sé as radharc. Chonnaic go leor daoine eile in a dhiaidh sin é agus a cheann suas ó'n uisge aige i gcomhnuidhe.
    Chonnaic na daoine gamhan mór ar an Máimí i gCloigheann i n-aice le Corr na Móna. Bhíodh sé mór ar maidin agus beag sa tráhnóna. Fuair fear go leor ór i bhfolach i Máimím. Máimín an Ghamhain a tugtar air anois.
    Fadó ní fhéádfadh aon duine theacht soir ón Mám tar éis a dó dhéág gan ainmhidhe a dul soir leis ós a chionn agus é ag beicín ar nós leinbh. Ní raibh fhios ag na daoine an ean nó ainmhidhe a bhí ann mar ba chosamhail le ainmhidhe é. Bhí cosa agus gruag ag fás air ach bhí sgiatháín agus gob éín air. Bhíodh sé ag teacht níós giorra agus níos ísle de réir mar bhíodh an duine ag teannadh le bárr an mullaigh agus annsin d'imtheóchadh sé. "Goll na mBéicuach" a tugtaoí air.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Droighneáin
    Gender
    Male
    Age
    45
    Address
    An Cheathrú Gharbh, Co. Galway