School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 427
- XML “Cruatan”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bád mór ag teacht isteach le gual chuig an Mám. Báitheadh an bád agus é i n-aice leis an gcosta. Bhí beirt fhear ann acht sábháileadh iad agus tugadh an chuid is mó de'n gual as.Bhí bád ag teacht amach as an Oileán Mór tamall maith ó shoin ó damhsa a bhí ann agus báitheadh iad. Bhí daoine ar an traigh agus chualadar an sgreadaighil acht bhí an oidhche doircha agus níor fhéad siad dul amach chuca. Chuaidh an bád suas ar chloich agus cuireadh poll air. Ceathrar a bhí sa mbád. Chual'a na daoine a bhí ar an tráigh ag gáire iad roimhe sin.Báitheadh buachaill beag i n-abhainn atá i n-aice le Leac Aimhréidh.Bhí fear i n-a chomhnuidhe i gCloigcheam sé an t-ainm a bhí air Séamus Breathnach. Chuir an tighearna talmhan as a seilbh é.Bhí an droch-tighearna talmhan san áit seo, an tighearna Liathroime. Dhúnfadh na daoine na doirse air.(continues on next page)
- Informant
- Pádraig Ó Droigneáin
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway