School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 481
- XML “Cluichí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 'Siad na cluichi is mó a n-imrightear san áit seo, Lúrabog Lárabog, Sionnach agus Géabha, Geataí Árda, Púicín, ag Imirt Liatróíde, ag Caitheamh Léim, ag Piochadh Cnó, ag Breith ar Éanacha i gCliabhán Éan, ag Sleamhnadh ar an Leac-Oidhre sa nGeimreadh, ag Déanamh Fir Sneachta agus ag Caitheamh Liatróíde Sneachta, agus Frog ins an Lár.
'Sé an chaoi a n-imrighimid LÚRABOG, LÁRABOG, bídmíd 'nár suidhe timceall na teine oidhche Geimhridh, agus bíonn duine amháín 'na sheasamh agus bíonn an rann seo ar siubhal aigeLúrabog Lárabog,
B. Ó Néill
Néill an Priobáin
Priobán Suileach
Súileach Seicneach
Seic na mBreile
Dá chois loma,
Lomán Láchaigh
Corr na gCaillighe
Isteach go Flaitheach.Buaileann sé cosa gach duine agus an duine a dtuitfidhe an Focal "Flaitheach" air, chaitfeadh sé imtheacht as. An duine deire a bhéas ann caithfeadh sé an rann a rádh.(continues on next page)- Informant
- Máiréad Ní Droighneáin
- Gender
- Female
- Age
- 42
- Address
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway