School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí go leor Protastúin san áit seo in aimsir na géarleanamhna. Bhíodh siad ag iarraidh na Caitilicigh ann d'athrughadh chun an chreidimh Protastúnach. Bhí beirt nó tríúr sagart thart san áit. Leighidís an t-Aifreann i n-áiteacha uaigneacha i ngan fhios do na Protastúnaigh. Dá bhfeiceadh siad na sagairt mharbhochaidís iad. Léighidís an t-Aifreann ins na tíghthibh freisin. An fhaid is bhídís ag léigheamh an Aifrinn ins na tighthibh théighead beirt fhear ar an doras ag faire ar eagla go dtiocfadh na Protastúnaigh. Bhí spiairí go fairsing ann an uair sin agus uaireannta d'innsighidís do na Protastúnaigh nuair a bhíodh sagart le Aifreann a léígheamh i dteach éigin. Annsin bhíodh na Protastúnaigh ag an teach idtosach ar an sagart agus mharbhuighdís é.Bhí Sasanach ag dul thart san áit seo agus sé an t-ainm a tugadh air 'Seán na Sagart' mar bhí sé ag dí-cheannadh na sagart a bhí san áit. Fuair sé go leor airgead ar chloigeann sagairt.Bhí go leor sagart i Mám-Éan in Aimsir na Géarleanamhna. Léighidís Aifreann ann agus thagadh go leor daoine chuig an Aifreann. Bíodh go leor sagart ins na cnuic agus ins na gleannta i n-aice le Dubhachta, Corrnamóna. Is minic a thagadh na Protastúnaigh ortha i ngan fhios agus iad ag léígheamh an Aifrinn. Nuair a bhíodh go leor Protastúnaigh ann(continues on next page)
- Informant
- Brighid Ní Chonaire
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway