School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 495

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 495

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 495
  3. XML “Bóithre an Cheantair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhíodh go leor sean-bhóíthre ann fadó acht níl mórán acú ann anois mar deineadh bóíthre nua ina n-áít.
    Bhí sean-bhóthar ag dul suas go BARR CNUIC an DÚN ague deir na sean-daoine gur b'é an fáth a cuireadh an bóthar sin ann mar bhíódh na daoine ag tabhairt suas cuirp ann agus ghá gcuir ann, aon duine nár mhaith leis bheith curtha in-aice an tseipéil protastúnach sa nDún.
    Bhí bóthar ag dul suas go BÁRR CNUIC atá i gCURRÁN i n-aice le Uachtarárd agus sé an t-ainm a tugtaoi air BÓTHAR an GABHAIR mar ní raibh aon duine i n-ann dul suas ann acht amháin aon duine a bhíodh gnaithe mór aige ann, agus a bheadh fhios aige go gcaithfeadh sé dul ann.

    BÓTHAR MHÓIN an LOCHA
    Sin bóthar atá ag dul isteach chuig na portaigh. Deineadh é i n-aimsir an Ghorta.

    BÓTHAR SEAN-MHÁIM
    Deineadh é timpeall ceithre sgór blian ó shoin. Aithghiorra é treasna an cnuic go Duachta agus Cruimlinn. Tá na daoine ag ceapadh gur san am a bhí péin-dlighthe ar chreideamh a deineadh an bóthar seo mar bhí go leor tighthe beaga i gcnoc Duachta chun an Aifreann a léígheamh ann.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. public infrastructure
          1. roads (~2,778)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Chonaire
    Gender
    Female
    Age
    38
    Address
    Droim Snámha, Co. Galway