School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)

Location:
An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
Teacher:
Máire Ní Shionnacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 466

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 466

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathramhadh Garbh
  2. XML Page 466
  3. XML “Seancheirdeanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí go leor ceardanna ann fado acht tá go leor acu imthighthe ó chuimhne anois.
    Fadó dheinidís coinnle as píosa éadaigh. Chuiridís gréis ar an éadach agus annsin lasadh sé go maith dóibh. Níl an nós sin ag na daoine anois. Dheinidís coinnle as luachair chun a bheith lasta Oidhche Nodlag. Trillseáin a tugtaoi ar na coinnle sin. Tá an nós sin beó in áiteacha fós. Siad na sean-daoine a dheineas na coinnle. Bhíodh an cat an trillseán d'fhághail le n-ithe mar gheall ar an ngréis. Bhí sé ráidhte sa tairngaireacht nach n-íosfadh an cat an coinneal tar éis tamaill eile. Ní itheann an cat anois í mar níl sé aige le n-ithe. Tá coinle eile ag na daoine thartí. Bhíodh siad ag déanamh coinnle freisin le píosaí fada éadaigh a chasadh ar a chéile agus béala a chur ortha.
    Bhíodh na daoine ag déanamh cléibh, ciseán agus ciseóga as slataí go maith. Tá an nós sin ag na daoine fós ach ní dhéanann siad ciseáin.
    Ceird eile a bhí acu fado a b'eadh dathughadh, agus tá sé ag cuid de na daoine san áit seo fós, ach mar sin feín tá go leor de na rudaí deinti úsáíd asta díobh imthighthe ó chuimhne. Bíodh siad ag dathughadh le scraith chloch. Sin rud atá le fághail go fairsing ar na clocaibh i ngach áit. Cuireann siad an scraith cloch síos ag bruith i bpota agus tar eis tamaill cuireann siad an t-éadach síos.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Ó Liodáin
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Gleann Loiscthe, Co. Galway