School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 437
- XML “Amhrán an Phoitín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán an Phoitín
“Ó nach deas an rud poitín sa tír seo, ¶ Is nach iomdha sort siamsa a bhíonn ann, ¶ Nuair a leigheasadh sé casacht na h-oidhce”
Ó nach deas an rud poitín sa tír seo,
Is nach iomdha sort siamsa a bhíonn ann,
Nuair a leigheasadh sé casacht na h-oidhche.
Is díreóchadh sé an sean-duine cam.
Is nach deas an rud buideal de lionta,
Le tabhairt go fear siamsa in a láimh,
Is nach minic a rinneamar lá saoire,
Thart timpeall an áit a mbíodh se ann.Is bhí baintreabhach thiar i mBun Inbhir,
Is ní raibh aici acht aon chaoirín amháin,
Cheannuigh sí bairrile síl, ag súl is go ndeantaoí ní b'fhearr
Níl ann acht go raibh sé ag teacht timcheall,
Nuair a tháinig Seán Dubh ar an tsráid.
Is a Sheáin Dhuibh nár bhfeicidh Dia an t-ádh ort
Is nár chorrochaidh tú an mhí bhfuil tú ann.Ní shéidfeadh deatach do phíopa,
I múta, poll trínsa ná gleann,
Nach dtiocfadh Seán Dubh sa meadhon oidhche
Agus nach deacar dúinn braon ar bith d'fhághail.Bhí póilís deas sásta sa gcillín
Ná go dtáinig Seán Dubh in-a gceann(continues on next page)