School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 469
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- PÚIRTHÍN MHAITHNÍNBhí fear de mhuintir Mhaithnín in a chomhnaidhe sa bpairc seo fado. Bhíodh sé ag tabhairt aire do chaoirigh ann. Bhí púirthín aige ann chun na h-uan do chuir isteach ann san oidhche.
ROINN MHÓRPáirc an-mhór atá ann agus tá balla árd thart air.
CNOCÁN MÓRCnocán a bhfuil go leor de charraigeacha mora ann.
MEALL SHEOSAIMH SHEAÍNFadó ní bhíodh feilm go léir ag aon duine ach páirc annseo agus annsúd. Ba le fear ar a dtugtar Seosamh Seán an garrdha seo fado.
PÁIRCÍN NA LAOGHBhíodh go leor laoghanta óga sa bpáirc seo fadó. Páirc deas leibheálta 'seadh í.
LAG AN CHOIRCEIs ann a chuireadh an coirce i gcomhnaidhe agus bhíodh coirce an-mhaith ann.
CORR CAMTá claidhe ag dul thríd an ngarrdha sin agus tá corr - cam ann.
GRAFABhíodh siad ag dóghadh saghas leasú sa ngarrdha seo. Dhóíghidís é chun é do chur amach ar choirce agus ar fhataí.
MEALL BREACNíl ann ach garrdha go bhfuil go leor carraigeacha agus clocha ann.
LÉÍM NA CAILLIGHEÁit amuigh sa gcnoc. Sé an fáth go dtugtar an t-ainm sin air mar deirtear gur(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Conaire
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway