School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 227

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 227

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 227
  3. XML “Tobar Naomh Eoin Baiste”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ach ag déanamh an turais ag Tobar Naomh Eoin Baiste agus i chómh maith agus a bhí riamh. Chuaidh si abhaile go macánta ciallmhar leo. Dubhairt sí leis na fearaibh go bhfeacaidh sí fear gan aon cheann ag an Tobar.
    Bhí beirt ban ar an Mináird Thiaar tamall ó shoin (tá siad caillte timcheall le dachad bliain), agus bhíodar ana naomhtha. Máire Thaidhg (bean Uí Shuilleabháin) agus Máire Ní Churráin (Bean Uí Bhrosnacháin) ab ainm dóibh. Chuadar ag tabhairt an turais uair i dteannta chéile ar an 29adh lá de Lughnasa. Sar a dtugtar an turas prioctar naoi gclocha beaga, agus caithtear ceann acu ag béal an tobair gach uair agus an duine ag tabhairt an turais mór dtimcheall an tobair. (tugaid an cúrsa naoi n-uaire).
    Fuair Máire Ní Churráin na clocha ag Béal an tobair agus thug sí fá ndeara cloch bheag ghorm 'na measc, agus deilbh ceann fhir uirre. Theasbáin sí do Mháire Thaidhg í, agus dubhradar araon gurbh é ceann Naoimh Eoin Baiste é. Choinnibh sí na láimh í fhaid a bhí sí ag tabhairt an turais agus d'fhág sí san áit go bhfuair sí í agus í ag dul abhaile.An dara bhliain chuaidh an beirt ban le chéile airis chun an turas do thabhairt. Nuair a bhíodar ag druideam in aice an tobair chuaidh Máire Thaidhg roimis an bhean eile féachaint an bhfhaghadh sí féin an chloch
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Informant
    Eibhlín Bean Uí Shúilleabháin
    Gender
    Female
    Age
    80
    Address
    An Mhin Aird Thiar, Co. Kerry