School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 279

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 279

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 279
  3. XML “Scéal - Na Trí Comhairlí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a chlann d’fheiscint agus go gcaithfeadh sé a thuarasdal d’fhaghail. “Tá go maith” ars’ an máighisitr, “gheobhair, fógfad fád’[?] mholadh féin é. Gheobhaid tú do thuarasdal trí bliana nó tri chómhairle mhaithe. Bíodh cead machtnaimh agat as so go maidion.” Chuaidh Seán a chodladh , ach ní codladh a dhein sé ach ag cuimhneamh is ag smaoineamh ciacu an iad na trí comhairle nó an tuarasdal a thógfadh sé. Níor mhaith leis dul abhaile gan a thuarasdal, ach sa deire dubhairt sé go mbfhearr trí chomhairle mhaithe i gcóir an bhóthair fhada. “Ana mhaith” ars an máighistir. “Siad so na cómhairlí a thabharfad duit.
    (1) Ná gaibh an cómhgar go dtí aon tig ach gaibh an bóthar mórdtimceall[?]. (2) Ná codail in aon tig in a mbeadh bean óg pósta le seanduine. (3) Ar do bhás ná dein aon nídh indiu go mbeadh aithreachas ort amáireach ‘na thaobh. Dubhairt an feirmeóir bológ risíní a dhéanamh. Thug sé an bulóg do Sheán agus dubhairt leisí thabhairt slán foláin abhaile, agus gan greim a bhaint aiste. Bhuail Seán istig i mála í thiar ar a dhrom. D’fhágadar slán agus beannacht ag á chéile. Ba sheo chun bóthair Seán, agus nuair a bhí an oidhche ag bualadh leis bhí eagla air go mbeadh sé amuigh fá spéir na h-oidhche. Bhuail peidleár leis. Bheannuigheadar féin dá chéile. Dubhairt an peidleír go raibh tig tamall uatha agus go bhfhaighidís[?] lóisdín no h-oidhche ann. Bhí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Language
    Irish