School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 402

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 402

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 402
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    groidhe a thabhairt chúcu.
    D'imthigh. D'innis sé an scéal dá athair agus d'á mháthair, agus bhí an t-athair bocht tinn agus cráidhte fós. Fuair sé an téadán agus roinnt bídh agus do bhain sé as na cosaibh é gur shrois sé an áit airís. Dubhairt an driotháir aosta an téadán a cheangal air féin agus go raghadh sé síos ag triall ar an éinín. Dheineadar ach ní fada síos a bhí sé nuair a ghlaoidh sé ortha é do tharrac aníos. Dhein an tarna mac an rud céadna ach do theip ar a iarracht mar an gcéadna. Dúirt an triomhadh mac go dtabharfadh sé féin iarraidh ach dubhradar leis ná eireochadh leis ach chomh beag. Sa deire ghéilleadar do, chuireadar an téadán air agus síos leis. Scaoil sé an téadán do féin nuair a bhí sé thíos agus chuaidh sé chun breith ar an éin. Seo léi roimis amach treasna na farraige, d'oscail bóthar breágh do'n mbuachaill, agus níor dheineadar stad ná staonadh gur shroiseadar tír áluinn. Rug sé ar an téinín ann agus is é a bhí go sona sásta ag teacht abhaile dho agus an t-éinín iongantach 'na ghlaic. Bhí a bheirt driotháir ar bharra na faille roimis. Thairrigigheadar aníos é agus abhaile leo. Nuair a chonnaic an Rí an t-éan d'eirigh sé chomh maith agus bhí sé riamh, agus deirimse leat go raibh meas ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0301: The Three Stolen Princesses
    AT0551: The Sons on a Quest for a Wonderful Remedy for their Father
    Language
    Irish
    Informant
    Dómhnall Ó Muineacháin
    Gender
    Male
    Age
    54
    Occupation
    Oibrí
    Address
    An Mhin Aird Thiar, Co. Kerry