School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 419

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 419

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 419
  3. XML “Ainmneacha Cósta - ó Chnoc na hAcraí go dtí Ceann Tairbh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a bhíonn an taoide tráighte.
    Cuas a' Tairbh: ??
    An Loigín - cuas beag lán de ghainimh.
    An Scúinsín: ?
    Cuaisín na Miongán - miongáin go flúirseach ann.
    Faill na Steipeanna: Casán ag dul síos tres na stocáin.
    An Srón Léith - píos beag talmhan ar nós sróna ag rith amach.
    Faill an Uisce - sruthán ag rith síos ann.
    Faill a' Chaca - tuar na n-éan ann.
    Faill na Ré: ?? Fa bhun na nDúnta í seo. Caitheadh isteach ann cúigear máirnéalach le linn stoirme fadó agus cuireadh ar bharra na fhaille iad. Cheap na daoine ná beadh sé rathamhail iad a chur i dtalamh choisricighthe nuair náraibh fhios acu arbh Críostuidhthe iad.
    Faill a' Chroiche - bhí croch ar bharra na faille uair amháin chun feamanach do tharrac aníos.
    Faill a' Tóineacháin - Casán ag dul síos ann ar nós "corkscrew". Bheithfeá ag leanúint do thóna ag dul suas adubhairt seanduine liom.
    Faill a' tSrutháin; sruthán uisce ann.
    Cuaisín a' Raicillí[?] - raic ón bhfairrge ag teacht isteach ann.
    Faill a' Dá Leach. Cuas na gColúr. Cuas na Comhlann: ??
    Ceann Tairbh - leith inis ar an dtaobh thiar des na Dúnta. Cuma ceann tairbh air.
    Faill na nÉan. Faill na Mealbhóige - Thugadh na daoine málaí do iascáin suas go barra na fhaille seo.
    Carraig a' Bhleaic - fuairtheas corp máirnéalaigh ghoirm ann tráth.
    Droichead Faill a' Mhachaigh - leathsmuigh d'fhaill an Mhachaigh. Droichead ó nádúir é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry