Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Kells, Co. Kerry
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aca ag na sean-daoine. Tá súil le báisteach nuair a bhíonn an seaga ag leatha a scíatháin agus tagann fliuchras ar na fallaí agus bíonn na siogáin ruadh ar gach taobh don bhóthar agus bíonn glór ag na habaintíbh roimh ré agus cloistear na géana fíadhna ag eitilt san aer agus tagann na caoire anuas ins na páirceanna. Tá alán cómhairí ann leis mar gheall ar an aimsear bhreágh nuair ná fheichfá aon deatach san traen agus nuair a bhíonn an deatach ag teacht amach as na seimné go díreach agus nuair a bhíonn teas san aer agus bíonn na criogair ar siubhal. Nuair a bhíonn droch aimsear chúghainn acht úaireannta bíonn síad fé'n adhart nuair a bhíonn aimsear bhreágh le teacht. Núair a bhíonn uisce ar an mbóthar stadann síad suas nuair a bhíonn droch aimsear chúghainn agus tá cómhairí i dtaobh an gála cíthear maidraí gaoithe agus línté ins an spéir. Cómhairí eile i dtaobh droch aimsire iseadh nuair a cloistear na tonnta ag búaladh i gcoinnibh na gcloch agus bíonn an lóm agus an circín trágha a'screadadh.
- Bailitheoir
- Síghle Ní Muircheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Kells, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Míceál Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Kells, Co. Kerry