Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Kells, Co. Kerry
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cealla (Kells)
- XML Leathanach 064
- XML “Dóiteán”
- XML “Longbhriseadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bhí triúr fear ann úair eile agus chúadar go Daingean acht núair a bhíodar ag teacht abhaile ó Chathair Daingin cúadar ar seachrán agus bhíodar ar meisge agus bhí an oidhche go h-an dorcha. Dubhairt ceann acha go raibh sé ag dul go Ross Bheithe, ceann eile acha ag dul go Dairbhre agus dúbhairt an triomadh duine go raibh sé ag dul abhaile. Cad a dheineadar i gan fhios dóibh féin, acht d'íompuigheadar an bád síar agus ó'n dtaobh thúaidh de'n Daingean a thánadar i dtalamh. Bhíodhar ann ar feadh seachtmaine. Do cheap a muinntir fhéin go rabhadar mharbh, agus do fúaireadar na rudaí cun tórramh a bheith acha agus lá ámháin nuair a bhí na neithe ceannuighthe acha do chonnaic duine eígin aca an bád ag teacht isteach chúcha agus cé bhí ann acht an triúr, (-) go deimhin bhí áthas an domhain orra sa bhaile, núair a bhíodar slán.(leanann ar an chéad leathanach eile)