Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Kells, Co. Kerry
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cealla (Kells)
- XML Leathanach 079
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dtúis go raibh an fear pósta dá uair cheana agus gur sciob na púcaí a bheirt ban. Socruidheadh na púcaí eatortha féin go gcuiridís breis piobar i bfeóla cun na bridóige agus go mbeadh sí ag sréathartaig na dhiaidh agus nuair ná deireadh aoinne "Bail Ó Dhia ort" go mbeadh sí aca, ach in ionad san má deireadh aoinne an bhail níorbh fhéidir leó í breith leó. Dheineadar mar ba cóir-socruithe aca agus an bríathar go raibh ar an brídeóig ag sréathartaig ach dubhairt fear a raibh na seasamh le'n bfalla i mbun an tíghe "Bail ó Dhia ort" agus bhí teipighthe ar na bpúcaí. Cad a dheineadar bhí tubán úachtair inaice leis an bhfalla i ngiorract dóibh ná bhreith ar an bfear agus é dtumadh isteac san tobán. Bhí sé clúdaighthe leis an mbainne agus as go bráth leis na bpúcaí agus d'fágadar ann é cun é féin a tharrach amach. Nuair tháinig sé amach bhí sé clúdaighthe le bainne agus bíodar go léir ag magadh fé.
- Bailitheoir
- Máire Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Kells, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Dhíarmuid Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Kells, Co. Kerry