Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Kells, Co. Kerry
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cealla (Kells)
- XML Leathanach 098
- XML “Caitheamh Aimsire”
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bhí bacach ag ghabhail tímcheall na h-áite seo fadó agus bhí saghas leighis aige. Sin é an fáth gur tugadh bacac a' leighis air. Tagadh sé ó Gleann Beithe gach tráthnóna tar éis an grian dul fé, is bíodh sé ag innsint éithig do 'sna daoine gurb é féin a bhí á sábháilt ó sna sídhe gac oidhche a bhídís amuigh. Cualadh an sagart go raibh sé ag loit aigne na ndaoine. Do chuir an sagart a ainm fé dhruim phobhail agus bhí Seamuisín ar buile cuige agus tháinig sé go tig an tsagairt is d'íarr sé air "Cad na thaobh gur cuiris m'ainm fé dhruim phobhail," is níor labhair an sagart aon fhochal. Dubhairt Seamuisín leis muna mbeadh é féin beadh droch scéal aige. Oidhche amháin bhí an sagart amuigh ar siubhal is cuaidh sé féin is an capall ar strae isteach san Gleann is ní raibh eolas ar an áit, is beadh sé fuair marbh an oidhche sin muna mbeadh Seamuisín. Do bheir Séamuisín ar ceannrach an chapaill is cuir sé an sagart is an capall ar an mbóthar ceart.