Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Kells, Co. Kerry
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cealla (Kells)
- XML Leathanach 108
- XML “Filí an Bhaile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)trágha a bhí sé in a chómhnuidhe. Cuiadh sé go dtí America aimsear an gorta le na chlann. Bhí file ó Gleann Beithe darb ainm Míceál Ó Seaghdha cúpéar dobh eadh é. Do bhíodh an bheirt le chéille igcómhnuidhe ag déanamh amhrantaí dos na daoíne. Do codhail Mac Uí Séaghdha i dtig Laoinsigh oidhche amháin. Bhí long briste súás i bFaill-í agus do ghoidheadar a chuid úirlisí agus do gearradar an lóng súás agus do dheineadar teine aiste. Fúair sé sgannradh maith ó'n salachar a bhí sa leabhaidh. Do dhein sé amhran is do h-umhadh sé é féín san usige i gCuas Fada. Bhí fear eile darbh ainm Díarmuid Ó Séaghdha agus file do beadh é is do rugadh é i gCorchaig. Do tháinig sé go Ross Beithe. Bhí capall aige is bhí sé ag tréaneál an chapaill ar feadh seacht mbliadhna chun go léímfheadh sí geata Chathair tonn thóima. Do léim an capall isteach is do scriob sé brat brúách fairrge as go bráth léi is chuir an bhruach tonn mór na dhiaidh. Do dhein sé leath do'n chapall. Tug Díarmuid an brat abhaile is do lean an brúach é is do phóadar a cheílle. Tamall na diaidh lá amháin bhí sé ag cúardach an lochta is do thuit an brath anuas is do sciob an brúach an brath is d'imtig sí. Ta áit in-aice le Ross Beithe agus aon bádh a bheadh Muinntir Shéaghdha innte báthadh an long. Do bhí daoíne ag íascaireacht ann acht níor thuigeadar ar dtús é , is annsan thuigeadar é bhíbád ann bhí fear de Mhuinntir Séaghdha innte. D'eirig na tonnta is do chaiteadar an fear amach is do báthadh é. Is tháinig an bhád slán. Do báthadh a thuille de Muinntir Séaghdha uibh Ráthaigh le déanaighe leis.
(go fíor)(Muinntir Seagda O Dairbre
Muinntir Conaill ó Daodh
Tomás Ó Mhuircheartaig
Ródaibh- Bailitheoir
- Tomás Ó Mhuircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Roads, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Miceál Ó Mórán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Roads, Co. Kerry