Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)

Suíomh:
Kells, Co. Kerry
Múinteoir:
Pádraig Ó Fiannachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 134

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 134

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cealla (Kells)
  2. XML Leathanach 134
  3. XML “Seanrá”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fado bhí fear boct ann is bhí sé lán de bladar is bhí sé cun cúirt le bodach saidhbhir. Cúpla lá roimhe sin cuaidh sé go dtí atúrné is bhí cainnt mór eatortha. Dinnis an fear bocht an scéal do is dubhairt an atúrné Cuirfeadhsa focal isteach duit. Cuaidh an fear bocht abhaile, lá ar na bháireach. Cuaidh sé go dtí an cúirt is bhí an bhodach mór ann. Ceap sé go mbuadhfadh sé ar an bhfear mbocht ac ní sin a thárlaidh. Dubairt an atúrné fear bocht macánta iseadh an fear sin Téir abhaile a bhodaig mhóir. Do cuaidh an fear abhaile is dubhairt sé, "Is fearr focal sa cúirt ná púnt sa sparán."

    Is fearr lán dorn d'fhear ná lán gab de mhnaoí

    (troscad)

    Ceállachíonn fada is easnamh na mbróg a dheineann sean duine do fhear a bhíonn óg

    Da fhaid sé é an lá tagann a dheire is dá faid é an grádh fásann fearg

    Ní dhéanfadh an saoghal capall rás d'asal
    Ní mbreac é go mbíónn sé ar an bport

    Deireann síad le beirt a bíonn ana mhór le na chéíle:-

    "Tá síad cómh reamhair le bó i gcoca féir"

    Bíonn adharca fada ar na buaib thar lear

    Ní ualach do dhuine an léígheann is tuigeann fear léígheann leath-fhocal

    An rud a scríobhann an púca léigheann sé féín é
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Curráin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Roads, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Bean Uí Curráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    44
    Seoladh
    Roads, Co. Kerry